 |
|
|
More Bog Field
Studies Options
|
|
Class
Level and Curriculum Links
Junior Certificate Gaeilge
An Portach - Aonad na Gaeilge
Cuid 1- Cad is portach ann?
Is é atá i bportach
ná aon limistéar atá clúdaithe le
móin. Is ionann móin agus ithir atá déanta
as iarsmaí plandaí a bhí ag fás tráth
i lochanna na hÉireann agus timpeall orthu. Tugtar portaigh
ar na limistéir ina mbíonn an mhóin carnaithe
go fairsing. Bíonn dath donn/dubh ar an móin agus,
faoi dhálaí nádúrtha, bíonn
cion 90% d'uisce agus 10% d'ábhar soladach inti.
Is féidir an-phléisiúr a bhaint as siúlóid
sa phortach. Ta an talamh bog agus croitheann sé nuair
a shiúlann tú air. Cé go bhfuil cuma réidh
mhín air i dtosach tá dromchla an phortaigh mar
a bheadh pátrún ina bhfuil a lán linnte
beaga, tortóga beaga tirime, logáin thaise agus
léanaí. Tig leat seasamh ar na tortóga beaga
agus breathnú timpeall ó tharla go bhfuil siad
rud beag níos airde ná an talamh thart orthu; ach
ní mór a bheith cúramach mar go bhfuil na
tortóga mar a bheadh spúinsí ann agus b'fhéidir
go ngéillfidh siad faoi do mheáchan.
Tá dhá chineál portach le feiceáil
in Éirinn:
· Portaigh ardaithe
· Bratphortaigh
San am atá caite bhí 17% den tír clúdaithe
le portaigh; sin achar 1.12 milliún heicteár. Tá
dhá rud ann a chuidíonn le fás portach:
aeráid fhliuch agus droch-chóras draenála
Conas a tharla portaigh a bheith
ann?
De ghnáth, nuair a fhaigheann plandaí bás
i ngairdín nó i bpáirc tarlaíonn
athruithe áirithe. Lobhann siad de réir a chéile.
Tugtar dianscaoileadh ar an lobhadh sin. Is iad na baictéir
agus na fungais atá san ithir is cúis leis an dianscaoileadh
agus teastaíonn ocsaigin uathu chun na plandaí
marbha a bhriseadh.
|
Portach Ardaithe
 |
Bratphortach
|
Ní bhíonn mórán ocsaigine
in ithir atá ar maos le huisce, ar nós na móna.
Is ionann sin is a rá nach dtig leis na baictéir
agus na fungais an t-ábhar plandúil marbh a lobhadh
mar is gnách leo.
Scaoiltear aigéid de réir mar a charnann an mhóin
suas agus cuidíonn siad sin le cosc a chur le hobair na
mbaictéar agus na bhfungas.
Bhí Éire clúdaithe le hoighear 12,000
bliain ó shin. Ansin, tuairim is 10,000 bliain ó
shin, d'éirigh an aeráid níos teo agus thosaigh
an t-oighear ag leá. Nuair a bhí an t-oighear leáite
d'fhág sé a lán linnte beaga éadoimhne
ina dhiadh, go háirithe i lár na hÉireann.
Bhí tóin na lochanna clúdaithe le marla
bán a raibh a lán sliogán ann.
Thosaigh plandaí ag fás san uisce éadomhain
ag ciumhais na lochanna. Bhí Duileasc Abhann, Duilleoga
Báite, Bogshifíní agus Giolcacha ann. Fuair
na seanphlandaí bás agus d'fhás plandaí
nua. Chuaigh na plandaí marbha go tóin an locha.
Bhrúigh na plandaí marbha sin anuas ar na plandaí
marbha a bhí ann cheana féin. Ar an dóigh
sin rinneadh an mhóin.
De réir mar a bhí na plandaí ag fás
agus ag fáil bháis líonadh isteach an loch.
Rinneadh móin de na plandaí marbha agus rinneadh
moing mhóna den loch. Faigheann na plandaí a fhásann
ar an moing na mianraí a theastaíonn uathu le fás
a dhéanamh ón uisce a thagann ón ithir mhianrúil.
Feictear a lán plandaí spéisiúla
ar an moing, mar shampla magairlíní, caonacha donna,
an lus síoda, giolcacha agus duilleoga báite.
Leanann an mhóin sa mhoing de bheith ag éirí
tiubh. Le himeacht aimsire ní raibh na plandaí
in ann na mianraí saibhre a shroicheadh sa screamhuisce.
Dá bhrí sin thosaigh cineálacha eile plandaí
ag fás. Bhi na plandaí sin in ann maireachtáil
ar bheagán mianraí. Bhí siad in ann fás
mar go raibh mianraí le fáil acu ón mbáisteach.
(Níl mórán mianraí sa bháisteach).
Áirítear ar na plandaí sin Fraoch, Ceannbhán
agus Caonach Sphagnum (Súsán). D'fhás siad
agus fuair siad bás an bhliain chéanna.
Tuairim is 4,500 bliain ó shin d'éirigh an aimsir
níos tirime in Éirinn. Thosaigh crainn Péine
agus Beithe ag fás ar na portaigh. Bhí siad ag
fás agus ag fáil bháis le tuairim is 500
bliain. Stad na crainn de bheith ag fás ansin mar gur
éirigh an aeráid fliuch arís. Faightear
stoic na seanchrann sin sna portaigh sa lá atá
inniu ann.
Nuair a d'éirigh an aeráid níos fliche
thosaigh plandaí portaigh ag fás athuair. Lean
siad de bheith ag fás agus ag fáil bháis;
agus bhí móin á déanamh díobh
i gcaitheamh na faide. Bhí méadú ag teacht
an t-am go léir ar an méid móna a bhí
ann agus d'éirigh an portach níos airde. Sin an
fáth go dtugtar portaigh ardaithe ar phortaigh den sórt
seo.
Portaigh ardaithe
Fad a bheidh báisteach ann leanfaidh an portach de bheith
ag fás. Tá roinnt portach ardaithe 12 mhéadar
ar doimhneacht. Is dócha gurb é Móin Alúine,
i lár na tíre, an portach ardaithe is cáiliúla
den chineál seo portaigh. Tá samplaí eile
le feiceáil i bPortach Chlóirthigh agus i bPortach
Mhongáin i gContae Uíbh Fhailí, agus sa
Black Bog, i gContae Thír Eoghain.
Bratphortaigh
In iarthar na hÉireann agus i gceantair shléibhtiúla
tá cuid mhór den talamh clúdaithe le bratphortach.
Fásann na bratphortaigh ar an talamh, ní i lochanna.
Tugtar bratphortaigh orthu ó tharla go gclúdaíonn
siad an talamh mar a bheadh brat ann. Thosaigh a lán bratphortach
ag fás tuairim is 4,000 bliain ó shin nuair a d'éirigh
an aimsir níos fliche.
Mar gheall ar an mbáisteach throm d'éirigh an
talamh an-fhliuch agus níodh an t-iarann go léir
amach as. Rinneadh ciseal den iarann ar a dtugtar cruachiseal
iarainn. Tugtar "an ciseal canna stáin" ar an
gciseal seo uaireanta; de thairbhe gur chuir an ciseal seo cosc
ar dhraenáil bhí plandaí in ann fás,
fuair siad bás agus rinneadh móin díobh
sa deireadh. Chlúdaigh an portach talamh feirme agus coille
mar a bheadh brat tiubh ann.
Sa lá atá inniu ann faighimid stoic chrainn
Péine agus Beithe faoin mbratphortach. I gContae Mhaigh
Eo tá ballaí agus páirceanna atá
5,000 bliain d'aois le feiceáil. Is iad na chéad
fheirmeoirí in Éirinn a rinne na ballaí
agus na páirceanna sin. Faighimid tuamaí uaireanta
inar adhlacadh daoine agus faighimid iarsmaí tithe ina
raibh na daoine ina gcónaí. Tá bratphortaigh
bheo le feiceáil i bPortach Chloch na Rón i gContae
na Gaillimhe, i bPortach an Chnoic Mhaoil/Sheiscinn i gContae
Mhaigh Eo agus i bPortach Slaghtfreeden i gContae Thír
Eoghain. Ní bhíonn bratphortaigh chomh domhain
le portaigh ardaithe; de ghnáth bíonn siad idir
1.5 agus 3.5 m ar doimhneacht.
Dáileadh na bpríomhchineálacha
portaigh in Éirinn
Móin do thinteán an
teaghlaigh
Ba ghnách an mhóin
a bhaint le spád speisialta ar a dtugtar "sleán".
Baineadh an mhóin ag imeall an phortaigh agus fágadh
an limistéar lárnach gan bhaint.
Ba é an chéad chéim ná glanadh a
dhéanamh ar an bpaiste portaigh a bhí le baint
ionas go mbeadh port móna ann. Baineadh na plandaí
agus na caonacha beo agus caitheadh ar leataobh iad. Ansin, trí
shleán a úsáid ghearr an bainteoir móna
fód móna as an bportach agus chaith sé ar
bharr an phortaigh é. Nuair a bhí na fóid
mhóna á mbaint bhí siad fliuch, trom.
Ba é an chéad chéim eile ná na fóid
a thriomú. Fágadh ar an bportach iad lena dtriomú
ar feadh seachtaine. Bogadh go dtí talamh tirim iad ansin
agus rinneadh cruacha beaga díobh. Cuireadh trí
fhód ina seasamh in éadan a chéile agus
cuireadh fód eile ar a mbarr sin (ar a dtugtar an marcach)
lena chinntiú nach dtitfeach an chruach. Ar an dóigh
sin dhéanfadh an ghrian agus an ghaoth na fóid
a thriomú. Tugtar gróigeadh ar phróiseas
déanta na gcruach móna.
Fágadh na cruacha lena
dtriomú i rith an tSamhraidh ar fad. Nuair a bhí
na fóid tirim cuireadh ar charr iad nó cuireadh
isteach i gciseáin iad chun fo bhféadfadh asal
nó capall iad a iompar abhaile. Mura mbeadh asal nó
capall ag duine bheadh air an mhóin a thabhairt abhaile
ar a dhroim ! Rinneadh carn nó clampa de na fóid
taobh amuigh den teach agus úsáideadh sa bhaile
iad nó tugadh chun an aonaigh iad lena ndíol.
Obair chrua a bhí ann ach bhí taitneamh le baint
as freisin, go háirithe le linn an tsamhraidh. Ba ghnách
leis na comharsana, san am atá caite, teacht le chéile
ina meitheal oibre chun cuidiú lena chéile an mhóin
a bhaint.
An Tionscal Móna
Le 50 bliana anuas tá athrú
mór tagtha in Éirinn ar an dóigh ina bhfaighimid
móin ón bportach lena húsáid mar
bhreosla. Sa lá atá inniu ann baintear an mhóin
le meaisíní agus tugtar Bord na Móna ar
an gcuideachta a dhéanann an obair sin. Bunaíodh
Bord na Móna sa bhliain 1946 chun portaigh na hÉireann
a fhorbairt.
Cad iad na táirgí a
thagann ón tionscal seo?
· Móin inneallbhainte: Is é sin fóid
mhóna a tháirgtear le meaisín.
· Móin mheilte: Is é sin móin a bhfuil
púdar déanta dí; Usáidtear é
chun leictreachas a ghiniúint i stáisiúin
chumhachta mhóin-adhainte Bhord Soláthair an Leictreachais,
mar shampla Stáisiún Cumhachta Droichead na Sionainne.
Usáidtear é chun brícíní móna
a dhéanamh lena n-úsáid sa tine sa bhaile.
Is bloic de mhóin mheilte iad sin.
· Caonach móna - Is é sin iarsmaí
an chaonaigh spúinsigh Sfagnam nach bhfuil aon fheidhm
leis mar bhreosla. Usáideann garraíodóirí
agus gairneoirí caonach móna.
· Snáithín móna - Is é atá
san ábhar seo ná iarsmaí ceannbháin
agus seiscí portaigh a fhaightear sa mhóin. Usáidtear
é chun drochbholadh a rialú, mar shampla an boladh
a thagann ó dhabhach sheipteach nó ó mhonarcha
próiseála feola.
· Carbón gníomhachtaithe - Is féidir
an táirge seo a dhéanamh as móin agus úsáidtear
é mar scagaire chun drochbhlas a bhaint amach as uisce.
Cad a tharlaíonn don phortach
nuair a bhíonn an mhóin bainte?
Nuair a bhíonn deireadh leis an obair ar an bportach agus
an mhóin bainte as tugtar lagphortach air. Má dhéantar
pleanáil agus neart oibre is féidir an talamh seo
a shaothrú chun úsáid eile a bhaint as.
· Usáid Talmhaíochta/ Feirmeoireachta -
Bíonn ithir mhaith faoin móin i roinnt portach.
Roghnaítear iad sin chun féarthailte a dhéanamh.
· Foraoisí - Bíonn ithir bhocht aigéadach
faoin móin i roinnt portach. Rognaítear iad sin
chun crainn a chur - an péine agus an sprús, mar
shampla.
· Bogaigh shaorga - Tá portaigh áirithe
ann atá chomh fliuch sin nach mór iad a choimeád
tirim le gur féidir an mhóin a bhaint; úsáidtear
caidéil chuige sin. Nuair a bhíonn an mhóin
go léir bainte agus nuair nach mbíonn na caidéil
in úsáid a thuilleadh bíonn an seans ann
go líonfar na limistéir seo le huisce agus go mbeidh
lochanna seascannacha nó riascanna ann agus, le himeacht
aimsire, go dtosóidh plandaí ag fás iontu.
Dá ndéanfaí caomhnú agus bainisteoireacht
mhaith d'fhéadfach na bogaigh seo a bheith ina dtearmainn
thábhachtacha fiadhúlra. Sampla amháin de
seo is ea Lagphortach Turraun i gContae Uíbh Fhailí
a thuiligh Bord na Móna chun loch a chruthú. Chruthaigh
siad trí oileán sa loch freisin. Tá leas
á bhaint as an limistéar seo ag a lán speiceas
éan ar a n-áirítear Ealaí, Praslachain,
Mallaird, Biorearraigh agus mar sin de.
|