More Bog Field Studies Options

Bogs in the Classroom Home Page

Resources on Bogs

Art
Module

English
Module

Gaeilge
Module

History
Module

Geography Module

Science
Module


Class Level and Curriculum Links
Junior Certificate Gaeilge

An Portach - Aonad na Gaeilge

Cuid 2 - Cad iad na nithe is féidir a fháil i bportach?
Tá saol dá chuid féin ag an bportach; tá plandaí, ainmhithe, éin agus feithidí ar leith ann i gcónaí agus bíonn cuairteoirí ann freisin. Tosóimid leis na plandaí. D'fhéadfá a rá go bhfuil an portach clúdaithe le craiceann agus go bhfásann caonach, fraoch agus plandaí eile ar an gcraiceann sin. Faoi bhun an chraicinn faightear an mhóin fhliuch dhomhain.

Cad iad na plandaí agus na hainmhithe a chónaíonn ar an bportach?

 
 Sfagnam (Súsán) - Is é seo an caonach is tábhachtaí dá bhfuil ar an bportach. Bíonn a lán dathanna áille air: dearg, glas, buí, donn agus flannbhuí. Nuair a fheictear an caonach seo tig le duine a bheith cinnte go bhuil an portach beo agus go bhfuil sé ag fás. Chomh maith leis an gcuma dheas atá air tá feidhmeanna úsáideacha eile ag baint leis an Sfagnam. Is féidir é a úsáid mar ábhar leighis ó tharla go bhfuil sé an-ghlan agus go bhfuil sé in ann uisce a choimeád mar a bheadh spúinse ann. Deirtear gur úsáideadh le linn aimsir chogaidh é, go háirithe le linn na gcogaí domhanda san Eoraip. D'úsáid dochtúirí agus banaltraí Sfagnam chun créachtaí na saighdiúirí a chlúdach agus a chosaint nuair a bhí soláthairtí eile leighis caite.  Ceannbhán - Nuair a bhíonn an planda seo, a bhfuil ceann bán clúmhach air, ar foluain leis an ngaoth bionn cuma aoibhinn air.  Fraoch Coiteann - Tá an planda portaigh seo an-choitianta agus bíonn a lán bláthanna corcra air san fhómhar; bíonn neicteár le fáil ag feithidí sna bláthanna. Itheann an Chearc Fhraoigh na gasóga glasa.
   
 Léicean - Is furasta an cupán móna a aithint mar gheall ar an gcrot atá air. Bíonn barr dearg ar an gcaipín dearg mar a bheadh lasán ann. Fásann léicin mheigeallacha liatha eile ar bharr na dtortóg. Bíonn siad briosc agus iad tirim agus bíonn siad bog agus iad fliuch.  An Drúchtín Móna - Planda beag é seo a itheann feithidí. Táirgeann ribí beaga ar na duilleoga spúnógchruthacha leacht greamaitheach a dtéann na feithidí i bhfostú ann nuair a thuirlingíonn siad ar na duilleoga. Filleann an duilleog isteach ar a chéile ansin agus déantar an fheithid a dhíleá (i.e. a ithe).  An Giorria - Féach thart ar na tortóga agus tá an seans ann go bhfeicfidh go bhfuil tochailt déanta i gceann acu mar áit fhoscaidh don Ghiorria. Ligeann sé a scíth ansin agus bíonn cosaint aige ar an ngaoth a bhíonn ag séideadh go láidir uaireanta sa phortach. Itheann an giorria plandaí féarúla.
     
 An Laghairt - Feicfidh tú laghairteanna ar bhratphortach. Bíonn dathanna éagsúla orthu, donn agus dubh. Bíonn siad le feiceáil sa fhraoch ar na tortóga. Cónaíonn laghairteanna lasmuigh de cheantair phortaigh freisin. Itheann siad damháin alla, cuileoga, ciaróga, leamhain agus seangáin.
An Dallóg Fhraoigh - Seo ceann de na hainmhithe is lú a fheicfidh tú ar an bportach. Tá sé rud beag cosúil le luch agus tá sé chomh beag sin go dtiocfadh leat é a chur ina sheasamh ar spúnóg! Bíonn an dallóg fhraoigh ag gluaiseacht thart i gcónaí, ag rith anonn is anall ar lorg bia. Itheann sé damháin alla agus feithidí eile. Déanann an t-ainmhí seo fuaim ghíogach.
 An Loscann (Frog) - Tá an portach an-oiriúnach don loscann mar áit chónaithe ó tharla go bhfuil a lán uisce ann. San Earrach beireann an loscann. Baineann cuid mhór uibheacha (glóthach loscainn) sna linnte agus tagann na torbáin astu sin. Tógann sé tuairim is deich seachtaine sula mbíonn na torbáin ina loscainn bheaga; léimeann siad amach as an uisce ansin chun bia a lorg. Itheann loscainn ciaróga, damháin alla agus feithidí eile atá le fáil ar an bportach.  An Séilide Drúchta - Bíonn a lán seilidí drúchta le feiceáil ar an bportach nuair a bhíonn an aimsir fliuch. Itheann siad plandaí.

Éin fhiáine
Is suíomh álainn, fiáin, uaigneach an portach do na héin. Tig leat iad a fheiceáil le linn mhíonna éagsúla na bliana agus, le cúnamh ó do mhúinteoir, beidh tú in ann a fhoghlaim cad iad ainmneacha na n-éan a bhfuil tú ag féachaint orthu agus ag éisteacht leo. Bainfidh tú taitneamh as an gcineál seo foghlama fiú amháin mura bhfuil an oiread céanna spéise agat sna héin a bheadh ag éaneolaí.

 
An Meirliún- Is éan creiche an meirliún. Éan beag liath atá ann. Eitlíonn sé go tapa agus tig leis tumadh chun breith ar an gcreach. An Fhuiseog - Tá an fhuiseog ar na héin is coitianta dá bhfuil le feiceáil ar an bportach; is éan ceoil é. Aithneoidh tú é ar foluain go hard sa spéir agus é ag ceiliúr. Déanann an fhuiseog a nead i measc plandaí an phortaigh agus bíonn a cuid uibheacha donna le feiceáil sna neadacha i dtosach an tSamhraidh. Itheann an fhuiseog feithidí agus síolta. An Naoscach - Tá dath donn bánbhuí ar an éan seo agus déanann sé a nead i logáin fhliucha. Cuidíonn a ngob fada leo breith ar fheithidí, ar chuileoga agus ar shíolta. Feicfidh tú iad i measc an fhraoigh agus má chuirtear isteach orthu imeoidh siad leo suas san aer agus iad ag scréachaíl.
   
An Crotach - Déanann na héin mhóra dhonna seo a neadacha i mí Aibreáin agus i mí Bhealtaine nuair a bhíonn neart bia le fáil. Is éin cheoil iad agus tá glór ar leith acu. Déanann siad a neadacha sa fhraoch ar na tortóga. Itheann siad cuiteoga, feithidí agus plandaí a aimsíonn siad lena ngob fada cuarach. An Riabhóg Mhóna - Cloistear an t-éan beag donn seo ar an bportach go minic. Fiú amháin mura bhfeicfidh tú é cloisfidh tú a cheiliúr gan stad le linn do chuairte. B'fhéidir go bhfeicfeá é ag teacht anuas as an spéir mar a bheadh parasiút ann. Itheann sé cuiteoga, síolta agus feithidí eitilte ar nós snáthaidí móra.

Feithidí
Tá na feithidí an-choitianta. Cónaíonn roinnt acu ar an talamh agus roinnt eile san uisce; agus tá feithidí eitilte ann. Faigheann siad go léir bia ar an bportach agus téann roinnt acu isteach sna páirceanna atá timpeall an phortaigh chun bia a fháil. Seo a leanas samplaí de na feithidí a chónaíonn ar an bportach:

An Fritileán Réisc - Féileacán breacdhonn flannbhuí atá ann; eitlíonn sé go han-tapa agus faigheann sé bia ó neachtar Ghreim an Diabhail. An Fraochán Mór - Tá dath mustaird ar an bhféileacán seo mar aon le spotaí dubha ar imeall a sciathán. Itheann sé Gobsheisc agus Ceannbhán. An tImpire - Leamhan mór an-álainn é seo; tá spotaí, mar a bheadh súile ann, le feiceáil i lár an dá sciathán. Bíonn dath liath ar an gceann baineann agus dath flannbhuí/donn ar an gceann fireann. Bíonn paiste dearg ar imeall na sciathán tosaigh. Bíonn an cholainn donn. Bíonn na boilb ramhar glas agus bíonn banda dubh orthu a bhfuil spotaí buí air. Sníomhann siad cocúin síoda dhonna ar na toir fhraoigh. Itheann bolb an Impire fraoch.
 

 
Snáthaidí mór - Ta na snáthaidí móra ar na feithidí eitilte is mó dá bhfuil sa tir seo. Bíonn dathanna geala orthu - dearg, gorm, donn agus buí. Tá dúil mhór acu san uisce. Beireann an tsnáthaid mhór a cuid uibheacha i linnte an phortaigh agus caitheann na hóga an chuid is mó dá saol mar larbhaí sa chaonach ar thóin na linnte. Fiú amhain ag an gcéim seo dá bhforbairt bíonn siad feoiliteach agus itheann siad feithidí eile atá sna linnte. Nuair atá an chéim larbhach ag teacht chun deiridh dreapann siad amach as an gcaonach sna linnte agus greamaíonn siad a chéile de sheamaide féir. Atann an craiceann larbhach agus pléascann sé sa deireadh; tagann an tsnáthaid mhór amach ansin. Feicfidh tu iad ag eitilt os cionn an phortaigh agus iad ar lorg bia ar nós cuileog agus míoltóg. Cuidíonn snáthaidí móra le líon na bhfeithidí eitilte a rialú mar go n-itheann siad cuid mhór acu. Feicfidh tú feithidí eitilte is lú ná sin ar an bportach freisin; tugtar Béchuileanna orthu. Bíonn dathanna geala orthu, gorm agus dearg mar shampla, agus cónaíonn siad sna linnte portaigh agus in aice leo. Damháin Alla - Nuair a bheidh tú ag siúl tríd an bportach feicfidh tú na líonta áille atá sníofa ag na damáin alla. Cónaionn an Damhán Uisce sna linnte. Coimeádann siad soláthar aeir i mbolgán a ligeann dóibh análú faoin uisce. Itheann siad feithidí eile a chónaíonn sna linnte. Ciaróga - Faightear cineálacha éagsúla ciaróg ar an bportach. Is feithid mhór an Daol a bhfuil dath copair air; seilgeann sé sna codanna is tirime den phortach. Faightear speicis éagsúla de chiaróga tumtha sna linnte. Tugtar An Tumadóir Mór ar an gceann is mó acu agus is sealgaire fíochmhar é.

Leabhair staire beo
Thar na blianta, de réir mar a bhí móin á baint ag daoine thángthas ar a lán nithe sna portaigh, nithe a bhí caomhnaithe ansin leis na céadta, agus na mílte, bliain. Tá cuid mhór rudaí faighte in áiteanna ar fud na tíre. Is nithe iad a cailleadh, b'fhéidir, le linn do dhaoine a bheith ag taisteal tríd an bportach. Agus is dócha gur caitheadh amach roinnt acu. Uaireanta, chuirtí nithe i bhfolach, go háirithe nithe a bhí déanta as ór. Seo a leanas roinnt samplaí:

Is minic a fhaightear soithí adhmaid. Baineann roinnt acu leis an 4ú agus an 5ú haois agus úsáideadh iad mar shoithí agus mar photaí sna tithe.

Nithe atá déanta as cloch - cinn tua, sceana agus reanna saighead mar shampla.

Nithe atá déanta as miotal - iarann, cré-umha, airgead agus ór - mar shampla, fuarthas sceana, soithí, seodra, cinn tua, daigéir, claimhte agus béalbhacha capall in áiteanna éagsúla ar fud na tire. Insíonn na nithe seo a lán dúinn faoin saol in Éirinn fadó.

 

 

Ainmhithe
Chomh maith leis na nithe atá luaite cheana féin faightear cnámha na n-ainmhithe a mhair in Éirinn fadó. Ceann de na hainmhithe is spéisiúla ar fad is ea Fia Mór na mBeann.

Bia caomhnaithe - Im is mó atá faighte. Ba ghnách an t-im a chur isteach i soithí admaid, i gciseáin chaolaigh nó i gcraicne ainmhí i dtosach agus ansin isteach i bpoll sa phortach lena choinneáil úr agus lena chaomhnú. O tharla nach bhfuil ocsaigin sa talamh ar an bportach ní tharlaíonn an gnáthphróiseas lofa; dá bhrí sin tá cumas mór caomhnaithe ag baint leis na portaigh. Téann nós curtha an ime sa phortach siar go dtí an 6ú haois. Bhí cúiseanna éagsúla leis an im a chur sa talamh agus deirtear gur chun im a raibh blas ar leith air a tháirgeadh a rinneadh é; itheadh an t-im sin i rith an Charghais.

Corpáin Daoine - Tháinig daoine ar chorpáin freisin le linn dóibh a bheith ag obair ar an bportach. Taismí ba chúis le bás roinnt de Corpáin na daoine seo agus d'fhéadfadh sé gur dúnmharaíodh roinnt eile. Caomhnaíodh na corpáin sa mhóin agus tá siad i riocht an-mhaith. Ciallaíonn sé seo go dtig le heolaithe éadaí na ndaoine a aithint agus, trí scrúdú a dhéanamh ar a bhfuil ina mbolg, tig leo a rá cad a bhí le hithe ag na daoine sin sula bhfuair siad bás.

Fuarthas fear i bPortach Gallach, i gContae na Gaillimhe, sa bhliain 1821. Táthar den tuairim go bhfuil sé os cionn 2,000 bliain d'aois. Tar éis scrúdú a dhéanamh air bhíothas den tuairim gur maraíodh an fear seo d'aon turas mar íobairt do na seandéithe. Tógadh corp an fhir amach as an bportach sa bhliain 1829 agus bronnadh ar Ard-Mhúsaem na hÉireann é. Nuair a tógadh amach as an bportach é thosaigh an corp ag éirí tirim agus ag briseadh ina bpíosaí beaga. Ní raibh aon mhodh caomhnaithe ag eolaithe na haimsire sin.

Tóchair - Tugtar tóchar mar ainm ar raonta nó cosáin speisialta a tógadh trasna na bportach chun cabhrú le daoine a mbealach a dhéanamh go sábháilte trí na linnte agus na tortóga sa phortach ó shráidbhaile go sráidbhaile. Uaireanta rinneadh as adhmad iad, sin nó rinneadh iad as géaga tanaí a bhí fite ina chéile. Tá dhá chéad tóchar faighte in Éirinn i gContaetha Uíbh Fhailí, an Longfoirt, na Mí, Liatroma, Chill Dara, Thiobraid Arann agus na Gaillimhe. Tá staidéar cúramach déanta orthu agus tá roinnt acu nios mó ná 5,000 bliain d'aois.

Feictear ceann de na samplaí is fearr den tóchar i bPortach Corlea, i gContae an Longfoirt. Baineann sé leis an Iarannaois, tuairim is an bhliain 148 R.C.; rinneadh an tóchar seo as adhmad darach agus bhí fad aon chiliméadair ann. Fuarthas tóchar eile ar an bportach céanna; rinneadh an ceann sin as adhmad i stíl caoladóireachta díreach mar a dhéantar ciseáin.

 

Adhmad portaigh
Is minic a tháinig lucht bainte na móna ar shraitheanna de stoic chrann sa phortach agus iad ag obair ann. Is é atá sna stoic sin ná iarsmaí crann a fuair bás ar an bportach 4,000 bliain nó níos mó ó shin agus a caomhnaiodh sa mhóin. Faightear stoic chrann péine go minic. Faightear stoic chrann darach agus iúir freisin, ach ní minic a tharlaionn sé sin. Baineadh leasanna éagsúla as an adhmad. Mar shampla:
· Troscán, cupáin, pionnaí éadaí lena n-úsáid sa bhaile.
· Soithí adhmaid lena n-úsáid sa déirí ar an bhfeirm.
· Usáideadh adhmad portaigh, go háirithe adhmad péine, chun tithe a thógáil. Ba ghnách táirní a dhéanamh as péine, in ionad iarainn agus copair, ó tharla nach dtiocfadh meirg orthu i gceantair cois farraige.
· Usáideadh adhmad portaigh chun báid a thógáil feisin.
· Rinneadh rópaí an-láidir as admad péine portaigh. Ba cheird ar leith é sin agus ba ghnách le daoine a mbeatha a shaothrú ag dul di. Bhí feidmeanna éagsúla ag na rópai sin i.e. sa tuíodóireacht agus mar rópaí ancaire do bháid.
· Rineadh fáideoga as stiallacha de phéine portaigh lena n-úsáid sna tithe in ionad coinnle. Ba ghnách stiall admaid a ghearradh agus bhí sé réidh lena lasadh! Bhí na coinnle costasach an tráth sin agus ní raibh aon leictreachas ann.
· Rinneadh ornáidí as adhmad portaigh. Usáideadh adhmad péine agus darach chun dealga teamhrach, crosa Ceilteacha, Corónacha Mhuire agus Cláirseacha cuimhneacháin a dhéanamh.

Sa lá atá inniu ann úsáideann dealbhóirí ar nós Michael Casey, as Contae an Longfoirt, adhmad darach, péine agus iúir ón bportach chun míreanna dealbhóireachta a dhéanamh.


Home Page

Website
supported by the Research & Development Committee of the Department of Education and Science, Ireland

 Irish Peatland
Conservation Council

Comhairle Chaomhnaithe Phortaigh na hÉireann

Charity No. CHY6829

Copyright © Irish Peatland Conservation Council 2004