 |
|
|
More Bog Field
Studies Options
|
|
Class
Level and Curriculum Links
Junior Certificate Gaeilge
An Portach - Aonad na Gaeilge
Cuid 3 - Caomhnú na móinteán
Bhí an t-am ann nuair a bhí an séú
cuid d'Éirinn clúdaithe le portaigh. Sa lá
atá inniú ann níl fágtha den achar
bunaidh sin ach an cúigiú cuid de agus tá
an fiadhúlra atá ann i mbaol. Tá a lán
daoine ann nach bhfuil mórán eolais acu faoi fhiadhúlra
ná faoi stair na bportach ná conas a tharla iad
a bheith ann. Is deacair dóibh a chreidiúint nach
bhfuil na portaigh chomh fairsing agus a bhí riamh. Ba
mhór an trua dá gcaillfí na portaigh go
léir in Éirinn. Smaoinigh ar an méid a bheadh
caillte againn - éin fhiáine, an fia rua, plandaí
a itheann feithidí, bláthanna áille fiáine,
radharc na gaoithe ag séideadh trid an gceannbhán
agus tírdhreach a bhainfeadh an anáil díot.
Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfar
roinnt de na portaigh a chosaint agus a chaomhnú do na
daoine a bheadh ann amach anseo sna blianta atá romhainn.
Tig linn ceacht a fhoghlaim ó mhuintir na hIsiltíre.
Bhí an oiread sin oibre déanta ar na portaigh sa
tír sin nach raibh ach cúig phortach fágtha.
Bhí sé ródhéanach ansin chun aon
ní a dhéanamh faoi na portaigh a bhí caillte.
Bhí aiféala ar na daoine agus cheannaigh an Rialtas
na cúig phortach dheireanacha ar £3 mhilliún.
Bhí orthu an timpeallacht phortaigh a dheisiú agus
bhí an obair sin an-chostasach.
Foghlaimímís, muintir na hÉireann, ceacht
mar sin. Tá roinnt portach againn atá an-mhaith
fós agus is féidir iad a chosaint agus a chaomhnú;
ach níl mórán ama againn anois agus ní
mór dúinn beart a dhéanamh go tapa. Tá
grúpaí áirithe ar nós Chomhairle
Chaomhnaithe Phortaigh na hÉireann agus Sherbhís
na bPáirceanna Náisiúnta agus an Fhiadhúlra
ag obair chun an cuspóir sin a bhaint amach.
Bhí fonn chomh mór sin ar mhuintir na hIsiltíre
portaigh na hÉireann a shábháil gur bhailigh
siad dóthain airgid san Isiltír chun portaigh a
cheannach in Éirinn agus, i gcomhar le Comhairle Chaomhnaithe
Phortaigh na hÉireann, cheannaigh siad Móin na
Scraithe i gContae ma hIarmhí agus Portach Chomraí
i gContae Chiarraí. Tugadh na portaigh sin mar bhronntanas
do mhuintir na hÉireann.
Is féidir le dealbhóirí oilte saothair
ealaíne a chruthú as na stacáin ghiúise
nó na stacáin dharach a fhaightear sna portaigh.
Portaigh luachmhara
Ag brath ar na gcineál portaigh atá i gceist -
bratphortach nó portach ardaithe - seo a leanas roinnt
de na tairbhí a bhaineann leo:
· Tig le Feirmeoirí portaigh a úsáid
mar thalamh innilte dá n-eallach agus dá gcaoirigh.
Ní mór an líon ainmhithe a choimeád
íseal áfach ionas nach n-íosfaidh siad na
plandaí go léir gan aon ní a fhágáil
ina ndiaidh seachas an mhóin lom.
· Tig le Mic léinn/daltaí tionscadail scoile
a dhéanamh ar na portaigh. Tionscadail a dhéanamh
a chruthóidh spéis i measc na ndaltaí go
léir sa scoil i dtaca le cúrsaí caomhnaithe
agus staire de.
Turais lae a shocrú chuig portach áitiúilmar
shampla Bog of Allen Nature Centre i gContae Cill Dara.
Páirt a ghlacadh i Seachtain Phortaigh Chonamara a eagraíonn
Ionad Oideachais Timpeallachta Chonamara. Bíonn na gníomhaíochtaí
féin ar siúl sa Scoil Náisiúnta,
Leitir Fraic, Conamara.
Cuairt a thabhairt ar iarsmalann áitiúil chun nithe
a fuarthas sna portaigh a fheiceáil.
· Caitheamh Aimsire - Grúpaí dreapadóireachta
agus siúlóide. Tá áilleacht fhiáin
iontach le feiceáil ar na portaigh i measc na sléibhte
agus na ngleannta.
Marcaíocht ar raonta sléibhe.
Treodóireacht trasna na sléibhte agus na bportach.
· Eolaithe - Is díol spéise na portaigh
d'eolaithe. Beidh siad in ann taighde a dhéanamh faoi
phlandaí, faoi ainmhithe, faoi éin, faoi fheithidí
agus faoi hidreolaíocht.
· Seandálaithe agus staraithe - Is ionann na
portaigh agus fuinneog ar chuid de stair na tíre nach
bhfuil léargas le fáil air ach amháin i
leabhair staire.
· Ealaíontóirí, dealbhóirí,
filí ceoltóirí - Gheobhaidh siad sin inspioráid
ó shaibhreas na bportach - an ghaoth ag séideadh
chloigne clúmhacha an cheannbháin; solas na gréine
ag lonrú ar an bhfraoch nó ar an uisce sna linnte;
laethanta fliucha agus áilleacht an cheobhráin;
éisteacht leis an mbáisteach agus féachaint
uirthi; an ciúnas agus an iliomad fuaimeanna ar an bportach.
· Turasóireacht - Baineann cuairteoirí ó
thíortha eile de chuid na hEorpa taitneamh as teacht go
ceantair tuaithe na hÉireann nach bhfuil aon truailliú
iontu - na portaigh, na sléibhte, na haibhneacha agus
na lochanna.
· Sealgaireacht - Usáidtear na portaigh freisin
chun éin áirithe a sheilg - An Chearc Fhraoigh,
mar shampla.
Beart a dhéanamh
·
Le cúnamh ó do mhúinteoir tig leat: Tionscadal
a dhéanamh do rang faoi na portaigh. Cuairt a thabhairt
ar phortach beo le do rang nó le grúpa ón
scoil. Agus b'fhéidir go mbeifeá in ann dul ar
thuras lae chuig Oibreacha Blackwater Bhord na Móna, chuig
Páirc Phortaigh nó chuig stáisiún
ginte leictreachais a úsáideann móin, Droichead
na Sionainne nó Béal Atha Chomhraic mar shampla.
Taispeántas faoi phortaigh a chur ar siúl sa
scoil le linn lae oscailte, nó cuairt a thabhairt ar thaispeántas
taistil Chomhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann ar
a dtugtar "The Wild Beauty of Bogs".
Bailiúchán Stampaí
úsáidte sa scoil agus iad a thabhairt don Comhairle
Chaomhnaithe Phortaigh na hÉireann. Díolaim an
gComhairle na stampaí chun airgead a dhéanamh.
Díolachán cístí nó crannchur
a sheoladh sa scoil d'fhonn airgead a bhailiú chun Deimhniú
Scaire Siombalach a cheannach i bportach Éireannach. D'fhéadfaí
fráma a chur thart air ansin le go mbeadh gach duine sa
scoil in ann é a fheiceáil. Úsáidfidh
an Chomhairle an t-airgead chun portaigh a cheannach mar chuid
dá feachtas caomhnaithe.
Cuireadh a thabhairt do Mhaor Fiadhúlra léacht
a thabhairt sa scoil faoi phortaigh agus faoi chúrsaí
caomhnaithe.
Cuairt a thabhairt ar an iarsmalann áitiúil
nó ar Ard-Mhúsaem na hÉireann chun an taispeántas
d'ór Éireannach a fheiceáil. Thángthas
ar roinnt de na píosaí ar na portaigh.
Nuair a bheidh tuilleadh eolais faighte agat faoi phortaigh
agus faoi mhóin labhair faoi le daoine de do theaghlach
agus le do chairde. Má léiríonn siad spéis
san ábhar fiafraigh díobh - cad is féidir
linne a dhéanamh chun cabhrú lenár bportach
áitiúil? Smaoinigh ar chúnamh deonach a
thabhairt i rith na bliana do ghrúpa atá gníomhach
i réimse an chaomhnaithe - Conservation Volunteers Ireland
mar shampla.
Comhairle Chaomhnaithe Phortaigh
na hÉireann (IPCC)
Is eagraíocht charthanach timpeallachta Comhairle Chaomhnaithe
Phortaigh na hÉireann. Bunaíodh í sa bhliain
1982 mar gheall ar an riocht ina raibh portaigh na hÉireann
agus is é an príomhchuspóir atá aici
ná na portaigh is fearr dá bhfuil in Éirinn
a chaomhnú ó tharla gur cuid thábhachtach
dár n-oidhreacht iad. Cuireann an IPCC feachtais ar bun
agus bíonn sí ag obair ina lán dóigheanna
éagsúla chun a cuid tuairimí a phoibliú
- úsáidtear an raidió, an teilifís,
nuachtáin, irisí, leabhair agus póstaeir
etc. Reáchtálann siad léachtaí, turais,
campaí oibre agus cúrsaí oiliúna
do mhúinteoirí. Glacann an IPCC páirt i
dtaispeántais agus tá a dtaispeántas taistil
féin acu ar a dtugtar The Wild Boglands.
Le cúnamh airgid ó mhuintir na hIsiltíre
tá Móin na Scraithe i gContae na hIarmhí
ceannaithe ag an IPCC. Thug muintir na hIsiltíre an portach
seo mar bhronntanas do mhuintir na hÉireann. Tá
an Comhairle Chaomhnaithe Phortaigh na hÉireann ag cheannach
tuilleadh portach le airgead atá bailithe acu ó
mhuintir na hÉireann féin - Portach Bhéal
an Chuain i gContae na Gaillimhe agus Móin Fhionnúrach
i gContae Port Lairige mar shampla. Tá scéimeanna
bailithe airgid thar a bheith tábhachtach san obair seo.
Tá ballraíocht náisiúnta
agus idirnáisiúnta ag an IPCC. Tugtar "Friends
of the Bog" ar na baill shóisearacha. Más
mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin IPCC agus faoina
cuid feachtas nó más mian leat fáil amach
conas clárú mar bhall scríobh chuig Comhairle
Chaomhnaithe Phortaigh na hÉireann, Bog of Allen Nature
Centre, Lullymore, Rathangan, Co. Kildare. Díoltar na
nithe seo a leanas san Enviro Shop atá san áitreabh
sin: fís-scannáin, leabhair agus bileoga faoi chaomhnú
na bportach, greamáin, páipéarachas agus
cártaí atá déanta as páipéar
athchúrsáilte, cluichí atá bunaithe
ar an timpeallacht, T-Léinte a bhfuil fógra faoin
timpeallacht clóite orthu.
|