More Bog Field Studies Options

Bogs in the Classroom Home Page

Resources on Bogs

Art
Module

English
Module

Gaeilge
Module

History
Module

Geography Module

Science
Module


Class Level and Curriculum Links
Junior Certificate Gaeilge

Sean Bhóthar Phortaigh

Sliocht as Seoda an tSeabhaic, Jimín. Clódhanna Teo. An Tríú Cló 1983.

Prós: Jimín is an Mheitheal ag Baint na Móna

Tá cloig ar mo lámha agus mé buí ón ngrian, agus an craiceann dóite ag imeacht de mo shrón mar bheadh craiceann práta a bheadh róbheirithe. Agus tá mo chnámha chomh tinn sin nach miath liom cor a chur díom.

Ar mheitheal na móna a d'imigh sé seo ar fad orm. Dar muige má tá gach aoinne a bhí ar an meitheal chomh tuirseach agus a táimse, ní foláir nó tá siad míbhuíoch den té a cheap móin ar dtúis. Againne a bhí an mheitheal agus coimeádadh mise sa bhaile ón scoil chun an t-asal a thiomáint go dtí an portach leis an mbia.

Ar feadh trí lá roimh lá na móna bhíomar ag ullmhú. Bhí Mam ag déanamh císte aráin, agus choinnigh sí ceithre phunt ime ar leithligh. Agus chuir sí mise go tigh Bheit Mhór agus Mháire Aindí chun an crúsca mór cré a fháil ó Bheit, agus crúsca mór stáin ó Mháire.

Bhí glór breá ag an gceann stáin nuair a bhíos á bhualadh le smut de mhaide. Agus leis an nglór níor chuala Mam á rá liom stad go dtáinig sí ar mo chúl agus gur thug sí clabhta sa leathcheann dom.

Mise, leis, a cuireadh ar fuaid an bhaile ar lorg sleán. Thugas Micilín Eoghain liom agus níor fhágamar aon tigh i ngiorracht míle dúinn nár lorgaíomar sleán ann do Mham.

B'in tar éis scéal an cheaintín, tá a fhios agat, agus bhíos beartaithe mo dhícheall a dhéanamh ag soláthar sleán chun í a shásamh. Fuaireamar naoi gcinn di! B'é ár ndícheall iad a iompar abhaile. Bhí ár dteanga amuigh againn agus bhíodh sleán ag titim uainn anois agus arís.

Ach níorbh aon tábhacht é sin seachas Mam nuair a chonaic sí an t-ualach sleán an buaile aníos chuici. Mheasas go dtarraingeodh sí an baile orm. Thug sí 'amadáinín' is fiche orm. B'in é mo bhuíochas tar éis mo dhíchill. Ní dúirt sí liom ná raibh uaithi ach dha shleán.

I dtaobh na sleán sin, tá achrann mór ar siúl. Níor chuimhin liomsa cad é an tigh a bhfuaireas aon cheann acu ann agus nuair a cuireadh abhaile iad ní raibh a cheann féin ag aoinne. Ní raibh aon leigheas agamsa air sin, ach aoinne a dheineadh gearán nárbh é a shleán féin a chuirtí abhaile chuige, mise a dhíoladh as.

Ar maidin, is é an chéad rud a chuala ná mo mháthair ag glaoch go hard agus go géar orainn. Dúirt sí go raibh an mhaidin caite. Cheapas, ambaic, ón gcaint a bhí aici go raibh sé tar éis a deich nó mar sin. Phreabas síos don chistin ach ní raibh sé ach a leathuair tar éis a cúig! Thiomáin sí Daid d'iarraidh an chapaill agus mé féin d'iarraidh na mba.

Bhí an citeal beirithe nuair a thánga agus bhí cuid de mhuintir an bhaile ag teacht. Tháinig Tadhg Og, leis. Bhí pící acu ar fad. Cheangail m'athair na pící go léir, agus trí shleán, trasna ar sháilíní na cairte, agus chuir sé beart d'fhéar glas as an móinéar isteach inti.

D'itheadar go léir bricfeast-ní raibh slí timpeall an bhoird in aon chor dóibh. Gabhadh an capall ansin agus as go brách leo agus iad caite i ngabhal a chéile sa chairt, agus na pící agus na sleáin ag gliogarnaigh.

Nuair a bhíodar imithe chuir Mam faobhar uirthi féin. B'éigean dom cliabh a fháil di, agus féar. Chuir sí crúsca mór cré Bheit Mhór síos sa chliabh, agus féar faoi agus timpeall air. Chuir sí an citeal isteach i mbosca, agus stán an ghleo Mháire Aindí agus é lán de leamhnacht, agus an t-im, agus sceana, agus cúpla spiúnóg, agus ocht gcinn de sháspain, punt tae agus ladhar siúcra. Agus thug sí dom ocht n-unsa tobac do na fir a bhí sa mheitheal. Chuir sí an t-arán go leir i mála agus bhuail sí isteach sa trucail é.

'Sea, anois," ar sise, 'ná bíodh sé den mhífhoirtiún ort aon rud a chailliúint ar an mbóthar. Agus ná caith an lá ar an mbóthar nó maróidh na fir thú. Sea, suigh isteach anois.'

Shuíos, de léim. 'Ha amach,' arsa mise leis an asal. Thug sé léim, agus dar fia, siúd le mo chuid sáspan amach ar an mbóthar. Chuaigh an t-asal i bhfad sular fhéadas é a stop. Sin cleas aige- bheadh sé ag imeacht leis agus tusa ag tarraingt air, agus lúb ina mhuineál aige, agus a phus chomh fada siar lena eireaball aige leis an straidhn, agus ní stopfadh Éire é go mbuailfeadh sé i gcoinne claí nó ruda éigin. Níorbh aon mhaith 'Vaoi' a rá leis.

Tháinig Mam suas liom leis na sáspain agus dúirt sí liom go raibh a fhios aici go maith go gcaillfinn na sáspain. Sin é a deir sí le gach rud-go raibh a fhios aici féin go maith é. Tá Mam an-smeairteálta.

B'áil le Dia gur bhaineas amach an portach gan aon óspairt eile. Nuair a thánga ann bhíodar ag gabháil dom i dtaobh a bheith chomh fada ag teacht. Ní rabhas fada ag teacht ach is amhlaidh a bhí an iomarca den dúil acu féin sa rud dubh a bhí sa phróca mór cré. Ní túisce a bhíos tagtha ná a thógadar as an gcliabh é, agus fuair gach duine acu taoscán sáspain de, ach Tadhg Og. Ní ólfadh Tadhg Og in aon chor é.

Bhí Tadhg ar an sleán an lá go léir agus ceathrar ag píceáil ina dhiaidh, ag caitheamh na bhfód ó dhuine go duine. Mise ba chócaire. Bhailíos cipíní giúise agus caoráin thrioma agus d'adaíos tine i lár an phortaigh. Líonas an citeal as poll uisce a bhí in aice liom, agus is láidir nár mharaíodar mé mar gheall air. B'éigean dom é a chaitheamh as arís agus dul go dtí sruthán i bhfad suas chun uisce a fháil. Dúradar liom an ceaintín bainne a chur síos i bpoll móna chun ná géaródh an leamhnacht leis an dteas.

Rugas ar earc luachra a bhí faoi dhá chaorán móna, agus ar cheann de na loscainn a bhí, leis, ann. Bhí an loscann i mo phóca agam agus nuair a bhí Tadhg Mór ag ól sáspain den rud dubh chuireas an loscann isteach ann gan fhios dó. A mheas a bhíos go sloigfeadh sé an loscann mar ba mhaith liom Tadhg a fheiscint nuair a bheadh an t-ainmhí ag léimnigh istigh ann. Ach nuair a chuir sé an sáspan ar a cheann tháinig an loscann aníos chuige agus chaith sé uaidh an sáspan.

Chaith sé amhras láithreach ar Dhonnaichín Eoghain gurbh é a chuir an rud chuige, agus bhí sé ag éirí crosta. Bhí aighneas mór ar feadh tamaill ann mar bhí néal buile ar Thadhg Mór agus ní éisteodh sé le haon réasún go ceann i bhfad.

Bhíos féin ag breith chugam, ambaic, agus dímigh an loscann de léim den phort síos i bpoll eile.

I gceann tamaill chromadar go léir ar obair arís agus gan focal astu. Ach anois is arís bhriseadh a gháire amach ar dhuine éigin agus bhídís ag sciotraíl chucu féin.

Níor mhór dom féin dul ag píceáil. Bhí sé deas go leor ar feadh tamaill ach ansin chuaigh na fóid i dtroime, mheasas, agus tháinig teas ar mo bhoisíní, agus d'imigh an spórt as an scéal dom. Ní fhéadfainn stad mar bhí na fóid ag teacht róthiubh orm agus cheanglaíodh cuid acu ar an bpíce nuair a bhínn á gcaitheamh uaim, agus ní mór ná go leagaidís mé. Bhíos cráite scólta acu agus mo dhá dhearna ar lasadh, agus gan faoiseamh le fáil ach na fóid mhí-áidh á gcaitheamh ar fuaid na gcos agam. B'é toil Dé gur chuimhnigh Tadhg Og ar an gciteal.

'A Jimín', ar seisean, 'féach an bhfuil an t-uisce beirithe.' Ba mhór an fhuascailt í.

D'imíos agus is é an chéad rud a dheineas mo dhá láimh a chur síos faoi uisce i bpoll móna. Ba bhreá an tionnuaradh é. Ní bhfuaireas a leithéid de shásamh as aon rud riamh.

Ceisteanna agus Ceachtanna

1. Cén cleas a d'imir Jimín ar Thadhg Og?

2. An dóigh leat go mbeadh go leor loscann ná earcanna luachra thart ar mheaisín bainte móna an lae inniu? Meas tú cé acu ba chontúirtí Jimín nó ollscartaire?

3. An dóigh leat gur thaitin a saol leis na fir seo - ag baint agus ag sábháil mhóna le sleánta agus pící? An bhfuil níos mó taitnimh sa phortach nuair a bhíonn tú ag obair le meaisíní?

4. An raibh tú riamh ar phicnic? An raibh aon chosúlacht idir í agus picnic Jimín?

5. Cur síos atá anseo ar chleachtas atá imithe i léig anois. In aon scéal eile a chuir síos ar shaol difriúil, an raibh aon chósulachtaí idir an saol agus saol Jimín? Cen sórt saoil a bhí acu?


Dán:
Is Seoda iad na Portaigh
le Déaglán O Caoimh

Is seoda iad na portaigh:
Aiteanna fiáine, áiteanna luachmhara,
áiteanna neamhchoitianta,
i saol na linne seo.

Tugaid dídean do dhúlra ilghnéitheach,
cuirid áthas ar chroíthe na bhfilí.
Táid mar fhinnéithe ar stair na hÉireann,
spreagaid tocht i leanúnaithe na timpeallachta.

Ach is nithe leochaileacha,
nithe sodhíofa iad na portaigh:
Aiteanna is fuirist a scrios!

Má chailltear na portaigh,
is sinne a bheidh thíos,
agus má mhilltear na heanaigh,
is sinne a bheidh bocht.

Oscail d'intinn, mar sin,
d'áilleacht na bportach.
Tabhair aird ar a bhfiúntas,
agus ar a dtábhacht.

Tionscadal: Dear nó péinteáil pictiúr chun an dán seo a léiriú.


Home Page

Website
supported by the Research & Development Committee of the Department of Education and Science, Ireland

 Irish Peatland
Conservation Council

Comhairle Chaomhnaithe Phortaigh na hÉireann

Charity No. CHY6829

Copyright © Irish Peatland Conservation Council 2004